Tionscnamh Beocht na Teangan ag an Smithsonian – NEADÚ

Tugann Ionad Chultúr Dúchais agus Béaloidis Smithsonian tacaíocht d’iarrachtaí pobail chun dul i ngleic leis an mbrú teanga atá ar theangacha dhúchais. Cuireann ár dtaighde agus ár gcláracha go mór le h-úsáid teanga i gcomhthéascaí nua agus traidisiúnta agus meallann sé sláinteacht chultúr dhúchais. Oibrímíd le meáin digiteach agus meáin atá ag teacht chun cinn chun stáitse a thabhairt do ghuthanna ar leith agus tuairimí domhanda. Ba mhór linn oideachas a chur ar ghlúinte nua de chleachtóirí theanga phobail agus ar theangeolaithe tré n-ár gceardlanna agus institiúidí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Úsáidtear ár gcuid oibre ar fad chun lucht na mór theanga a chur ar an eolas ar an bhfhiúntais a bhaineann le domhan ilteangach.

Tugann Tús Maith, scéim de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógaint a gclann le Gaelainn, chomh maith céanna leo súid gur suim leo a leithéid a dhéanamh.

Eagraítear Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus go leor imeachtaí eile chun tacú le clainn ar a n-aistear teangan.
Tá na físeáin seo ar fáil chun tacú leis na hiarrachtaí san. Tá fotheidil ar na bhfíseáin seo, rud a chabhróidh go mór le fuaimniú agus friotal.

Tá na scripteanna cruthaithe ag Máire Ruiséal, agus tá siad bunaithe ar Ghaschaint le Úna Láwlor agus Wendy Shea foilsithe ag an nGúm. Tá na comhráití simplí agus spórtúil agus múnlaítear úsáid teanga i suíomhanna theaghlaigh éagsúla. Tá ar maidin, dul ar scoil, filleadh ón scoil, obair bhaile agus an teangan a bhaineann le peataireacht le leanbh gortaithe.
Tá na fiséáin seo deartha chun cuir le Clár Chuairteoirí Baile Thús Maith i gcanúint Chorca Dhuibhne, áit a thugann cuairteoirí baile cuairt ar theaghlaigh uair sa tseachtain chun tacú le sealbhú/saibhriú teangan. Tá buntáiste breise i gceist le na fiseáin sa mhéid go mbeidh teacht ag daoine lasmuigh do Chorca Dhuibhne orthu.

Tá súil againn go mbeidh na fiseáin seo ina chabhair duit ar do thuras teangan.
Tá breis eolais le fáil ag orlaith@cfcd.ie