Roghnaigh an staid a bhaineann leat
Iompar clainne
0-5 seachtain
Beidh cinní le déanamh agat maidir le sláinte do linbh. Tapaigh an deis chun do mhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí teangan.
Tugann an cur síos seo leiriú leathan ar fhorbairt an linbh
Déan teagmháil le do dhochtúir má tá breis eolais uait
Forbairt Fhisicúil
- Tá an suth cruthaithe agus luite isteach i bhfalla an útarais
- Is é an croí an chéad orgán a chruthófar agus ina dhiaidh san an inchinn
- Scarann cúpla comhionannach ag an bpointe seo
Forbairt Teangan
- Beidh gá le roinnt cinní tábhachtacha maidir le sláinte agus forbairt do linbh ag an bpointe seo.
- Is fiú a bheith ag smaoineamh go luath ar an teanga a bheidh agat le do leanbh
6-12 seachtain
Níl sé róluath bheith ag caint le do leanbh. Is breá le do leanbh do ghuth.
Foghlaim níos mó faoin staid seo
Tugann an cur síos seo leiríú leathan ar fhorbairt an linbh.
Déan teagmháil le do dhochtúir má ta breis eolais uait.
Forbairt Fhisicúil
- Tagann cruth ar an inchinn.
- Nuair a bhíonn an féatas timpeall ar naoi seachtaine agus 2.5cm ar fhaid tógfaidh se ceann de ghlór agus solas
- Ag 10 seachtaine beidh na cluasa agus an éisteacht forbartha.
Forbairt Teangan
- Níl sé róluath bheith ag caint le do leanbh. Is breá leo do ghuth.
- Cén cur amach ata agat ar shuantraí? Seo am oiriúnach chun teacht ar leabhair agus dlúthdhioscaí Gaelainne
- Éist le Rabhlaí Rabhlaí anseo
13-20 Seachtain
Tugann an cur síos seo leiriú leathan ar fhorbairt an linbh.
Déan teagmháil le do dhochtúir má tá breis eolais uait.
Forbairt Fhisicúil
- Fé 14 seachtaine beidh an béal, teanga agus scórnach forbartha. Beidh a bhfuil ag teastáil ón leanbh ó thaobh urlabhra de ann.
- De ghnáth tógtar pictúir dod’ leabh ag an bpointe seo – cífidh tú do leanbh don chéad uair!
- Beidh an leanbh níos gníomhaí anois – b’fhéidir go mbeir ábalta gluaiseachtaí an linbh a bhraistint.
Forbairt Teangan
- Seo am oiriúnach chun cúrsaí teanga a phlé led’ pháirtí. Conas a chabhróidh sibh lena chéile Gaelainn a bheith ann ó thús?
- Má tá níos mó eolais uait maidir leis na buntáistí a bhaineann le bheith dátheangeach féach ar www.comhluadar.ie
21-28 Seachtain
Tugann an cur síos seo leiriú leathan ar fhorbairt an linbh.
Forbairt Fhisicúil
- Is féidir do bholg a fheiscint go soiléir anois – deis í seo chun éadaí nua a fháil!
- Tá na cnáimh bheaga i gcluasa an linbh ag fás anois agus beidh éisteacht an linbh forbartha go hiomlán.
- Tá an súrach ag forbairt agus tósnaíonn roinnt páistí
ag súrach na hordóige.
Forbairt Teangan
- Tá sé tábhacht labhairt le do leanbh. Aithneoidh sé do ghuth agus guth daoine eile sa chlann.
- D’fhéadfá tosnú ag léamh nó ag canadh do do leanbh anois. Cloisfidh an leanbh níos mó fuaimeanna anois.
- Éist le Rabhlaí Rabhlaí anseo www.oidhreacht.ie
29- 40 seachtain
Tugann an cur síos seo leiriú leathan ar fhorbairt do linbh.
Forbairt Fisicúil
- Tá na néaróga san intinn ag forbairt anois. Beidh cumhacht millteach ag an intinn fén am a shaolófar é.
- Beidh na mothúcháin forbartha chomh maith.
- Braithfidh tú an leanbh ag bogadh timpeall.
Forbairt Teangan
- Muna labhrann tú Gaelainn tú féin cad ina thaobh ná fiafrófá ar ghaolta, chairde nó ar chomharsain Gaelainn a labhairt le do leanbh nuair a shaolófar é.
- Is fiú dul i dteagmháil le Tús Maith má tá tú ag lorg moltaí ar conas an Ghaelainn a bheith agaibh ó thus.
Leanbh
0-3 mhí
Forbraíonn na haon leanbh ag a luas féin.
Is pointí ana-ghinearálta atá anso thíos.
Ná bí buartha muna bhfuil do leanbh á dhéanamh seo:
- Ag mí amháin tógfaidh do leanbh ceann de ghlór agus d’aghaidheanna.
- Ag dhá mhí d’fhéadfadh do leanbh bheith ag gáire agus ag déanamh fuaimeanna beaga.
- Ag trí mhí aithneoidh do leanbh do ghuth, d’aghaidh agus do bholadh
MOLTAÍ
- Is cuma cé méid Gaelainne atá agat, dein iarracht í a úsáid ón gcéad lá. Tugann sé tús maith do do leanbh. Cothaigh an béas ón tús más féidir.
- Bí ag caint led’ leanbh gan stad. Úsáid ainm an linbh go minic. Is bréa le leanaí guth bog ciúin.
- Féach ar aghaidh do linbh nuair a labhrann tú leis.
- Ná dean dearúd ar do chuid amhráin bheaga a chanadh. Bí á n-athrá an t-am ar fad. Sin an tslí a shealbhaíonn leanaí teanga!
LEANBH
4-6 mhí
Forbraíonn na haon leanbh ag a luas féinig
Ná bí buartha muna bhfuil do leanbh ag déanamh na rudaí seo thíos.
Forbairt Teangan
- Ag 4 mhí aithneoidh do leanbh nuair a bheifear ag labhairt leis
- Ag 5 mhí athneoidh do leanbh a ainm agus roinnt focal ar nós Mama agus Dada.
- Ag 6 mhí tosnóidh do leanbh ag déanamh aithrise ar fhuaimeanna.
MOLTAÍ
- Cad fé cá bhfuil sé? a imirt le do leanbh? Cabhróidh sé seo led’ leanbh rudaí a aithint. Níos deanaí beidh do leanbh ábalta ar na rudaí seo a ainmniú.
- Níl sé róluath codanna an choirp a mhúineadh dod’ leanbh.
Féach súil suil eile anseo.
- Déan aithris ar na fuaimeanna a dhéanann do leanbh. Is breá leis é sin.
- Tosnaigh ag freastal ar ghrúpa súgartha nó socraigh cuairt baile le TÚS MAITH
- Déan iarracht a bheith chomh dearfach agus is féidir. Beidh sé tógálach.
- GO NÉIRÍ LEAT!