Leanbh
0-3 mhí
Forbraíonn na haon leanbh ag a luas féin.
Is pointí ana-ghinearálta atá anso thíos.
Ná bí buartha muna bhfuil do leanbh á dhéanamh seo:
- Ag mí amháin tógfaidh do leanbh ceann de ghlór agus d’aghaidheanna.
- Ag dhá mhí d’fhéadfadh do leanbh bheith ag gáire agus ag déanamh fuaimeanna beaga.
- Ag trí mhí aithneoidh do leanbh do ghuth, d’aghaidh agus do bholadh
MOLTAÍ
- Is cuma cé méid Gaelainne atá agat, dein iarracht í a úsáid ón gcéad lá. Tugann sé tús maith do do leanbh. Cothaigh an béas ón tús más féidir.
- Bí ag caint led’ leanbh gan stad. Úsáid ainm an linbh go minic. Is bréa le leanaí guth bog ciúin.
- Féach ar aghaidh do linbh nuair a labhrann tú leis.
- Ná déan dearúd ar do chuid amhráin bheaga a chanadh. Bí á n-athrá an t-am ar fad. Sin an tslí a shealbhaíonn leanaí teanga!
- Freastal ar ghrúpa súgartha