Mother & BabyGaelainn amháin sa bhaile

Más í an Ghaelainn atá agat sa bhaile is féidir na rudaí seo a dhéanamh chun do leanbh a spreagadh.

Spreag do chlann, cairde agus comharsain chun Gaelainn a úsáid led’ leanbh i gconaí.

Déan iarracht bualadh le clannaibh eile atá ag tógaint a leanaí le Gaelainn.

Gaelainn agus Béarla sa Bhaile

Más Gaelainn agus Béarla atá sa tigh caithfidh tuismitheoirí cinneadh a dhéanamh le chéile maidir le Gaelainn a thabhairt don leanbh.  Tá sé tábhachtach an cinneadh a dhéanamh go luath.  Muna bhfuil Gaelainn ag duine amháin d’fhéadfadh go dtarlódh an méid thíos:

Is féidir triail a bhaint as seo chun teanga do linbh a spreagadh.

Spreag do chlann, cairde agus comharsain chun Gaelainn a úsáid led’ leanbh. Deis í seo chomh maith don dtuismitheoir nach bhfuil aon Ghaelainn aige roinnt Gaelainne a fhoghlaim ón méid a chloiseann sé/sí ag an tuismitheoir eile agus an leanbh. Is breá le leanaí beaga bheith ag aistriú chomh maith. B’fhéidir gur fiú freastal ar rang.

Is féidir Gaelainn a labhairt ach de ghnáth labhraimíd Béarla

B’fhéidir gur tuismitheoirí sibh gur féidir libh Gaelainn a labhairt ach go bhfuil taithí agaibh ar Bhéarla a labhairt le chéile.  Is deis iontach í nuair a thagann leanbh ar an saol machnamh a dhéanamh ar iompar teanga a athrú agus do leanbh a thógaint le Gaelainn nó go dátheangeach. Cuimhnigh go mbeidh oideachas do linbh a fháilt aige tré mhéan na Gaelainne.

Béarla amháin sa bhaile (nó teanga eile)

Má theastaíonn uait cabhrú le do leanbh Gaelainn a fhoghlaim sa bhaile beidh sé ina bhuntáiste mór dó nuair a thosnóidh sé ar scoil.

Freastai ar rang Gaelainne tú féin agus cleachtaigh an méid a fhoghlamaíonn tú le do leanbh.  Gach eolas ar ranganna ag www.oidhreacht.ie

 Má léann tú leabhair bheaga simplí agus má chanann nó má sheinneann tú amhráin agus rannta le do leanbh gheobhaidh sé níos mó taithíar an nGaelainn a chlos agus gheobhairse níos compordaí á labhairt.

Chábhródh cuairt baile go mór leat ag an tús chun tú a chur ar do shuaimhneas